2 Samúéil 20:2 - An Bíobla Naofa 19812 Agus thréig fir Iosrael go léir Dáiví agus lean siad Seaba mac Bhicrí; ach lean fir Iúdá go dlúth den rí ar an mbealach ón Iordáin go Iarúsailéim. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Mar sin do chuáidh gach éanduine Disrael súas ó bheith a ndiáigh Dháibhi, agus do leanadar Séba mhac Bichrí: acht do cheangladar muinntír Iúdah ré na rígh, ó Iordan air fad go Hierusalem. Féach an chaibidil |
Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d'fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha.