2 Samúéil 20:1 - An Bíobla Naofa 19811 Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus tárla go raibh óglach do Bhelial annsin dar bhamm Séba, mhac Bichri, Beniamiteach: agus do shéid sé stoc, agus a dubhairt, Ní bhfuil cuid ar bith aguinne a Ndáibhi, ní mó atá oighreachd aguinn a mac Iesse: théigheadh, gach éanduine dá lóistín féin, O Israel. Féach an chaibidil |
cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.
Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh. Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna.