Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 20:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Is áon misi don droing atá síothchánta agus firinneach a Nísrael: atá tusa ag íarruidh caithreach do mhilleadh agus fós príomhchathair a Nísrael: cred fá sluícfeá suás oighreachd an TIGHEARNA?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 20:19
29 Tagairtí Cros  

Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: “An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?


Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé.


Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: ‘Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gabh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t‑arm go léir in éineacht leis.’ ”


Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.


“Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh!


“Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?”


a “Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d'impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort.


go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.


is amhlaidh a shlogfaí beo beathach sinn. Nuair a bhladhmfadh a mbuile inár n‑aghaidh,


Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.


Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin.


“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”


“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.


Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”


Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.


D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.


d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.


D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.


Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:


Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha.


“Nuair a dhruidfidh tú i gcóngar cathrach chun í a ionsaí, déan coinníollacha a thairiscint di.


Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air.


le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.


Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam, Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá, Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí