Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ar a nadhbharsin anois bidís bhur lámhasa ar na neartughadh, agus bíthí curata: óir fúair Saul bhur maighistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tigh Iúdah misi am rígh ós a gcionn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 2:7
12 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”


Anois go raibh an Tiarna féin cineálta dílis libhse. Déanfaidh mise freisin an mhaith a rinne sibh a chúiteamh libh.


Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.


Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.


Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”


Agus d'inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d'aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. “I mbun oibre linn!” ar siad, “agus ar aghaidh leis an tógáil!” agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.


chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.


Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.


Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí