Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. “Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,” ar sé, “toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Agus do chuir Dáibhi teachda go muinntir Iabes‐gílead, agus a dubhairt sé ríu, Go madh beannuigh sibh ón TTIGHEARNA, noch do thaisbéin an cinéulsa dá bhur ttighearna, do Shaul, agus do adhlaic é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 2:5
16 Tagairtí Cros  

Chuir sé a bheannacht air á rá: “Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.


Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún,


Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”


D'imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa.


Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh.


Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”


Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,


Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: “Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa.


Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”


“Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir.


[Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.”


Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” D'imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.


Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: “Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.”


“Go gcuire an Tiarna a bheannacht oraibh, de bharr teacht i gcabhair orm,” arsa Sól.


Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí