Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 2:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Ansin shéid Ióáb a stoc agus stad na saighdiúirí go léir gan dul sa tóir ar Iosrael a thuilleadh ná troid leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Iarsin do shéid Ióab a stoc, agus do sheasadar an pobal uile na gcomhnuigh, agus níor leanadar nios mó a ndiáigh Israel, agus níor throideadar níos mó.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 2:28
5 Tagairtí Cros  

Ansin shéid Ióáb an stoc agus d'fhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad.


“Dar an Tiarna beo,” arsa Ióáb, “mura mbeadh gur labhair tú, ní scoirfeadh an dream seo den tóir ar a mbráithre go maidin.”


Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.


Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.


Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí