Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 19:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé - Dáiví rí - scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: “Abraigí le seanóirí Iúdá: ‘Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 As sibhse mo dhearbhráithre, as síbh mo chnamha agus mfeóil: air a nadhbharsin cred uime gur sibh as deigheanuigh do thabhairt an rígh ar ais?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 19:12
9 Tagairtí Cros  

Dúirt an duine ansin: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m'fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”


Dúirt Lábán leis: “Is tú mo chnámh agus m'fheoil féin, is tú sin!” Agus d'fhan sé mí in éineacht leis.


Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.


Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”


Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.


Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí.


le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.


de bhrí gur baill dá chorp sinne.


“Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: ‘Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?’ Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí