Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 19:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Agus do chuir Dáibhi rígh fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, dha rádh, Labhruidh ré seanuibh Iúdah, dha radh, Creád fa bhfuiltíse air deireadh do bhreith an rígh air ais da thigh? ó tháinic comhrádh Israel uile go nuíge an rígh dha thigh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 19:11
11 Tagairtí Cros  

Thug Zádóc agus Aibíátár áirc Dé ar ais go Iarúsailéim agus d'fhanadar ann.


Ansin dúirt Ióáb leis: “Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,” agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach.


Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.


Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.


Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.


Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.


Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.


Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.


Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí