Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 18:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Thug an rí ordú do Ióáb, d'Aibísí agus d'Iotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do aithin an rígh do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, dha rádh, Déanuidh go macánta air mo shonsa ris a nóganach, ré Habsolon. Agus do chúaluidh an slúagh uile á núair thug an rígh an nfúagrasin do na caiptínibh uile a ttáobh Absoloin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 18:5
8 Tagairtí Cros  

cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.


Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.


“Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d'Aibísí agus d'Iotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’


Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”


Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.


Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí