Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 18:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt an rí leo: “Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.” Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhairt an rígh riú, Cía bé chíthfear dhaóibhsi is fearr dhamh ré dhéanamh do dhéanadsa é. Agus do sheas an rígh ré táoibh an gheata, agus tangadar an pobal uile amach na ccéaduibh agus na míltibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 18:4
5 Tagairtí Cros  

Ansin chuir Dáiví tionól ar na sluaite a bhí ina theannta, agus cheap ceannairí mílte agus ceannairí céadta orthu.


Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d'fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.


Thug an rí ordú do Ióáb, d'Aibísí agus d'Iotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.”


anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.


Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí