Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” D'fhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dúbhairt an rígh ré Síba, Cred chíalluigheas tú leó so? Agus a dubhairt Siba, Atáid na hassal re haghaidh mhuínntire thighe an rígh dá marcuigheachd; agus an tarán agus na measa samhraidh do na dáoinibh óga ré ithe; agus an fíon, re a ól do na dáoinibh bhias lag annsa bhfásach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:2
13 Tagairtí Cros  

“Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?” a d'fhiafraigh Aibímeilic d'Abrahám.


Dúirt Éasau: “Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?” “Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,” a fhreagair Iacób.


Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.


Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.


mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. “Mar,” a dúradar, “tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.”


Nuair a tháinig sé ó Iarúsailéim in araicis an rí, d'fhiafraigh an rí de: “Cén fáth nár tháinig tú liom, a Mheirí Bál?”


Nuair a deir do mhuintir leat: ‘Mínigh ciall an scéil seo dúinn’;


Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n‑asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád.


A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi


Ansin labhair duine den phobal: “Chuir d'athair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d'íosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal).


Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí