Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a núair do chuáidh Dáibhi beagán thar mullach na cnuicce feuch, thárla Síba óglach Mhephibóset dhó, maille re cúpla Assal ughamtha, air a rabhadar dhá chéad builín aráin, agus céad ceanglachán rísín, agus céud do mheasa an tsamhraidh, agus buidél fíona.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:1
17 Tagairtí Cros  

Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.


Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.


Bhrostaigh Simeí mac Ghéará an Biniáimineach ó Bhachúraím anuas le fir Iúdá le bualadh le Dáiví rí.


Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.


D'fhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh.


Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é.


Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”


d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.


Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí.


Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.


Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n‑iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.


Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac.


Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí