Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 15:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do chuáídh an rígh amach, agus muinntir a thighe uile na dhiáigh. Agus dfág an rígh deichneamhar ban, fá leannáin dó féin, do choimhéad an tighe.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:16
12 Tagairtí Cros  

“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.


Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh.


D'fhreagair oifigigh an rí: “Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.”


D'imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.


Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.


Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d'fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha.


Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm.


Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.


Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta.


Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.


D'éirigh Aibíogáil ansin go deifreach, chuaigh ar muin asail, agus a cúigear ionailt ina coimhdeacht, agus lean sí teachtairí Dháiví agus bhí aige mar bhean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí