Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 15:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 D'fhreagair oifigigh an rí: “Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhradar muinntir an rígh ris an rígh, Feuch, úlmhuigh ag so do sherbhisígh chum gach uile ni déaras mo thighearna an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:15
8 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”


D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.


Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.


[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.


Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.


Dúirt fear iompair a airm: “Déan mar a chuireann do chroí in iúl duit. Maidir liomsa, tá mo chroí leat.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí