Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 13:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus a dubhairt, Ionadab mhac Simeáh dearbhrathair Dháibhi, Ná sáoileadh mo thighearna gur marbhadh na hógánuigh mic an rígh uile; óir Amnon amháin do marbhadh: óir do tionscnadh so do réir thola Absalon ón ló fár éignigh sé a dhearbhshiúr Támar.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:32
6 Tagairtí Cros  

Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”


Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.


Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.”


tá uirlisí marfacha gléasta aige agus saigheada mar chaora tine.


Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí