Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 13:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Ann sin déirigh an rígh, agus do réub a éadach, agus do luidh ar an ttalumh; agus do bhí a mhuinntir uile na seasamh aige agus a néaduighe briste.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:31
8 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh


Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.


Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna.


Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom.


Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”


Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.


D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos


Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí