Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 13:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus do rínneadar searbhfhoghantuighe Absolon re Hamnon mar do aithin Absolon. Annsin do éirgheadar mic an rígh uile, agus do chúaidh gach áon aca súas ar a mhúille, agus do theitheadar.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:29
13 Tagairtí Cros  

Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná - an tAná úd a d'aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon.


Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.’


Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: “Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.”


Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.


Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.


“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.


Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.


Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.


Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.


Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí