Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d'fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus tangadar clann Ammon amach, agus do chuireadar an cath a nórdughadh a ndul a steach an gheata: agus do bhádar Sirianuigh Shoba, agus Rehob, agus Ishtob, agus Mhaacah, leó féin sa machaire.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 10:8
13 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.


Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singile agus leis na curaidh.


Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.


Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá. Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.


Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.


D'fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.


Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d'fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire.


chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir.


Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.


bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis.


Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob.


Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.


Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí