Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 1:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A shléibhte Gilboa, ná raibh drúchd, ná fearthuínn oruibh, nó magha ofrála: óir is annsin do teilgeadh go tarcuisneach sciath an chumbachduigh seachad, sciath Shauil, mar nach bíadh ungtha le hola.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 1:21
14 Tagairtí Cros  

Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.


Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.


Túr Dháiví do mhuineál, daingean cosanta, míle sciath ar crochadh air, éide chatha na gcuradh.


Tá an bord á chóiriú agus á chlúdach le héadach; táthar ag ithe agus ag ól... Suas libh, a cheanna feadhna! Smearaigí bhur sciath.


Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh.


Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó i dteach an Tiarna. Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!


Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia.


“Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.


Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.


Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.


Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí