2 Ríthe 9:5 - An Bíobla Naofa 19815 agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Agus a nuáir tháinic sé, feuch, do bhádar caiptinigh an tslóigh na suidhe; agus a dubhairt seision, Atá teachdaireachd agum chugad, a chaiptín. Agus a dubhairt Iehu, Cia aguinn dínn uile? agus a dubhairt seision, Atá chugadsa, a chaiptín. Féach an chaibidil |