Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 9:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: “Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus an tan thainic sé a sdeach, dúaigh sé bíadh agus dibh sé deoch, agus a dubhairt, Eirghidhe, féuchuidh anois an bhean mhalluighse, agus adhluicidh í: óir is inghean rígh í.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 9:34
10 Tagairtí Cros  

Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.


Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”


Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.


“Caith anuas í,” ar sé. Agus chaitheadar anuas í agus scaip a fuil ar na ballaí agus ar na capaill, agus shatail siad faoina gcrúba í.


Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.


Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


[Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla;


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí