Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 9:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: “Treascair eisean chomh maith.” [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Achd an tan do chonnairc Ahasiah rígh Iúdah sin, do theith sé a slighe tigh an gháirdín. Agus do lean Iehu na dhiáigh, agus a dubhairt, Buaílidh eision mar an gcéadna annsa charbad. Agus do rinneadar sin ag árd Gur, noch atá láimh ré Ibleam. Agus do theith sé go Megiddo, agus fúair sé bás annsin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 9:27
17 Tagairtí Cros  

Dúirt Acháb le Nábót: “Tabhair dom d'fhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.”


Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán.


Bhuail scéin agus scanradh iad. “Féach,” ar siad, “níor fhéad an dá rí an fód a sheasamh ina aghaidh, agus conas a d'fhéadfaimisne, más ea?”


Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.


Bhí Ióáis seacht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin.


Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.


Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.


Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás.


D'fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”


Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.


In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit.


Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin.


Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas; Ansin throideadar, ríthe úd Chanán, Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo; Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí