2 Ríthe 9:11 - An Bíobla Naofa 198111 Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 ¶ Ann sin tháinic Iehu amach chum serbhíseach a thighearna: agus a dubhairt duine ris, An bhfuil gach éinní go maith? cred fá ttáinic an fear buile so chugad? Agus á dubhairt sé ríu, Atá fios an duinesi agus a chomhráidh aguibhsi. Féach an chaibidil |
Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”