2 Ríthe 8:29 - An Bíobla Naofa 198129 D'fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)29 Agus do chuáidh an rígh Ióram ar ais go Iesreel dá leighios ó na cneadhuibh thugadar na Síríanuigh air a Rámot, a nuáir do throid sé á naghaidh Hasael rígh na Síria. Agus do chúaidh Ahasiah mac Ióram rígh Iudah síos dféuchuin Ióram mhic Ahab go Iesreel, do bhrígh go raibh sé tinn. Féach an chaibidil |