Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Gidheadh nior bháill leis an TTIGHEARNA Iúdah do scrios a nonoír shearbhfhoghantuigh Dáibhi, mar do gheáll sé go ttiubhradh solus dó a ccomhnuighe, agus dá chloinn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:19
18 Tagairtí Cros  

Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”


Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.


Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.


Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”


Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.


Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.


Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”


Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.


Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach, ná diúltaigh don té a d'ung tú.


Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.


Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge; ní scriosfaidh mé Eafráim go deo, óir ní duine mé ach Dia. In bhur measc is mé an Té is naofa, agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí