Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 8:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Agus annsa ccúigeadh blíadhain do Ióram mac Ahab rígh Israel, ar mbeith do Iehosaphat an tansin na rígh Iúdah, do thosuigh Iehoram mac Iehosaphat rígh Iudah a rioghachd.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 8:16
10 Tagairtí Cros  

Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.


Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d'ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.


Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: “Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,” ach ní aontódh Iahóiseáfát.


Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.


Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.


Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.


Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim.


Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá.


Rinne muintir Iarúsailéim rí d'Achaizíá, an mac ab óige aige, ina áit, mar go raibh na mic a ba shine go léir marbh ag an díorma a bhris isteach sa champa leis na hArabaigh. Sin mar a tháinig Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá i gcoróin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí