2 Ríthe 7:9 - An Bíobla Naofa 19819 Ansin dúradar le chéile: “Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Ann sin a dubhairt gach áon ré chéile dhíobh, Ní maith do nímid: is lá deighscéul an lá a niugh, agus atámaoidne ar ttost: má fhanmaoid go solus na maidne, ann sin tiucfaidh olc éigin oruinn: anois ar a nadhbharsin déunam, agus innsiom do mhuinntir an rígh. Féach an chaibidil |
Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d'imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d'fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d'imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach.