Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 7:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 (Nuair a dúirt an giolla Dé leis an rí: “Beidh dhá thomhas eorna ar díol ar sheicil, agus tomhas den phlúr is míne ar sheicil um an dtaca seo amárach ag geata na Samáire,”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus tárla mar do labhair oglach Dé ris an rígh, gha rádh, Biáidh dhá mhiosúr eórna ar shecel, agus miosúr do phlúr fhínealta ar shecel, timchioll an namaso a márach an geata Shámaria:

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 7:18
5 Tagairtí Cros  

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”


Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”


d'fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?” Agus dúirt seisean: “Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.”


a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí