Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 7:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D'fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus do chúadar na ndiaígh go Iordan, agus, féuch, do bhi an tslighe lán déuduighibh agus do shoithidhibh, noch do theilgeadar na Sírianuigh uatha íona ndeithnios. Agus dfilleadarna teachda, agus dinnisiodar sin don rígh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 7:15
14 Tagairtí Cros  

Thógadar dhá chuingir carbaid agus chuir an rí i ndiaidh sluaite Arám iad á rá: “Téigí agus feicigí.”


Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh.


Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.


tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite,


Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?


An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,


Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as - idir shíol agus shliocht - na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní.


Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidh na híola airgid agus na híola óir atá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha.


Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?


Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?


Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí