2 Ríthe 6:32 - An Bíobla Naofa 198132 Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)32 Acht do bhí Elisa na shuídhe iona thigh, agus na sinnsir na suídhe na fhochair; agus do chuir an rígh duine uadh dhá raibh ag feithiomh air: ach suil tháinig an teachdaire chuige, a dubhairt sé ris na seanuibh, Féuchuidhsi mar do chuir an macsa an dúnmharbhthóra duine do bhuain mo chinn diomsa? tabhruigh dá bhur naire, a núair thiocfas an teachdaire, druidigh an dorus, agus congmhuidh go dainginn é ag an ndorus: nach bhfuil torann cos a mhaighistír na dhiáigh? Féach an chaibidil |