Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 6:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 ¶ Agus tárla na dhíaigh so, gur chruinnigh Ben‐hadad rígh na Síria a shlúagh uile, agus go ndeachaidh súas, agus gur shuighidh a shlúagh ag Samária.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 6:24
12 Tagairtí Cros  

Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.


Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”


Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana.


Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.


Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.


Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal,


Bhí rí Arám i gcogadh le hIosrael. Chuaigh sé i gcomhairle lena oifigigh agus dúirt: “Déanaigí [ionsaí] ina leithéid seo d'áit.”


Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.”


Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”


Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.


teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil, a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad;


Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí