2 Ríthe 6:10 - An Bíobla Naofa 198110 Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Agus do chuir rígh Israel gus a náit dinnis óglach Dé dho agus a ttug rabhadh dho dá thaóibh, agus do dhídin sé é feín air sin, ní éanúair no fá dhó. Féach an chaibidil |
D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”