2 Ríthe 5:18 - An Bíobla Naofa 198118 Ach aon ní amháin - agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é - nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Ann sa níse go ttuga an TIGHEARNA maitheamhnus dot shearbhfhoghantuigh, a nuáir rachus mo mhaighistir go tigh Rimmon do dhéanamh adhartha annsin, agus go luidhfe sé ar mo láimhse, agus go ccromthuidh misi me fein a ttigh Rimmon: a núair chromthas misi mé féin sios á ttigh Rimmon, go ttuga an TIGHEARNA maitheamhnus dot shearbhfhoghantuigh annsa níse. Féach an chaibidil |