Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 4:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Chuir sé fios ar Géichizí ansin: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,” ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: “Tóg suas do mhac.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus do ghoir sé ar Ghehasi, agus a dubhairt ris, Goir an Tsunamíteachsa. Marsin do ghoir sé i. Agus a nuáir thaínic sí a steachchuige, a dubhairt seision, Tóg súas do mhac.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 4:36
8 Tagairtí Cros  

Rinne siad ógbhean sciamhach a chuardach ar fud críocha Iosrael agus fuair siad Aibíseag ó Shiúnaem agus thug siad chun an rí í.


Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.


Ansin d'éirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n‑uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus d'oscail sé a shúile.


Chuaigh sí isteach agus chaith í féin ag a chosa ag umhlú síos go talamh dó. Ansin thóg sí suas a mac agus d'imigh amach.


“Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.


Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”


Agus d'éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é.


Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí