Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 4:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 “Cuir do chrios thar do choim,” ar sé ansin le Géichizí, “agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Ann sin a dubhairt sé ré Gehasi, criosluigh do cháol, agus glac mo bhatasa ann do láimh, agus imthigh romhad: má theagmhann éanduine riot, na beannuigh dhó; agus má bheannuighionn éanduine dhuit, na freagair é a rís: agus leag mo bhata ar aghaidh an leinimh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 4:29
15 Tagairtí Cros  

Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.


Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t‑uisce. “Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?” a scairt sé. Bhuail sé an t‑uisce agus scar an t‑uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.


Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t‑uisce; scar an t‑uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.


Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.” Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair.


Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: “Cuir crios faoi do choim,” ar sé, “beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád.


Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.


Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”


Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag.


Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d'aon duine ar an mbóthar.


ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d'fhágadh na galair iad agus d'imíodh na spioraid mhallaithe astu.


“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.


Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n‑ucht


Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí