Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 4:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 “Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus a dubhairt seision, Cred as a rachfá chuige a niugh? ní ré núadh, nó saóire atá ann. Agus a dubhairt sisi, Biaidh go maith.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 4:23
9 Tagairtí Cros  

Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.”


Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”


agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.


Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,


In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”


I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.


Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.


D'fhreagair Dáiví: “Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá).


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí