Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 3:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Anois tabhair chugam ceoltóir.” Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Acht a nois tábhair fear seanma chugam. Agus tárla, a nuáir do shinn an fear seanma, go ttáinic lámh an TIGHEARNA fairsion.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 3:15
14 Tagairtí Cros  

Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.


agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’


Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.


tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm.


Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.


Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.”


Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd.


Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d'iompaigh chun an Tiarna.


Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.


Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”


Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d'imíodh an drochspiorad uaidh.


Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí