Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 25:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na smóladáin, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'úsaidtí i seirbhís an Teampaill,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus rugadar leó na potadha, agus na slúaiste, agus na glantóirigh, agus na líacha, agus na huile shoithighe práis lé bhfritheolaidis.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 25:14
11 Tagairtí Cros  

Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.


an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir;


na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d'ór mar ór, agus a raibh déanta d'airgead mar airgead.


Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid. Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.


na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.


Caithfidh na smóladáin agus na sileadáin a bheith d'ór fíre.


Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.


Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra.


Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d'usáidtí i seirbhís an Teampaill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí