Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 23:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus thug sé na sagairt uile as caithreachaibh Iúdah, agus do shaluigh na háite arda mar an loisgedís na sagairt túis, ó Ghebo go Beer‐seba, agus do bhrís síos na háite árda na ngeatadh do bhí a ndul a steach gheata Iosua úachdarán na caithreach, noch do bhí ar an láimh chlé do gheata na caithreach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 23:8
13 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.


Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann.


Chuaigh sé as sin go Béar Seaba.


Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d'aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá.


Tháinig scéin air agus d'éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d'fhág sé a sheirbhíseach ansiúd.


Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh;


Anall leo ón talamh thall, i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche. Tá Rámá ar bhall amháin creatha, Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith;


“Na Léivítigh a thréig mé agus a chuaigh ar seachrán i bhfad uaim i ndiaidh a n‑íol nuair a chuaigh Iosrael ar seachrán, iompróidh siad ualach a bpeacaí féin.


ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.


Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí.


Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba - dhá chathair déag lena sráidbhailte;


Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh,


Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí