Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 23:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Dúirt an Tiarna: “Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: ‘Ansin a lonnóidh m'ainm.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus a dubhairt an TIGHEARNA, atharrochuidh mé Iudah fós as mo radharc, mar do atharruigh mé Israel, agus teilgfe mé uáim an chathairsi Ierusalem noch do thogh mé, agus an tigh a ndubhairt mé, Biaidh mainm ann.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 23:27
26 Tagairtí Cros  

Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.


Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.


Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin.


Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.


nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.


Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.


Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,


Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm.”


An íomhá ghreanta d'Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.


An chuid eile de stair Ióisíá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?


Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.


Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,


Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.


Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.


Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.


ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.


“Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’


mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh.


Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad - an Tiarna a labhraíonn.”


Sea, tá an chathair seo chomh mór sin ina brostú feirge agus fraoch domsa ón lá ar tógadh í go dtí inniu, go mbainfidh mé as mo radharc í,


“Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: ‘An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad’? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair.


Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí