2 Ríthe 23:19 - An Bíobla Naofa 198119 Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n‑ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 ¶ Agus mar an gcéadna tighthe na náiteach nárd uile do bhí a ccaithreachaibh Shamária, noch do rinneadar righthe Israel do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge, do chuir Iosiah as íad, agus do rinne sé riú do reir a nuile ghníomh do rinne sé a Mbétel. Féach an chaibidil |
Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.