Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 23:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do mhill an rígh na háite árda do bhí as coinne Ierusalem, noch do bhí ar an láimh dheis do shlíabh an truaillighthe, noch do rinne Solamh rígh Israel do Astoret adhfhúathmhaireachd na Sidónianach, agus do Chemos adhfhuáthmhaireachd na Móabiteach, agus do Mbilchon adhfúathmhaireachd chloinne Ammon.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 23:13
16 Tagairtí Cros  

mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.


D'éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach.


Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.


Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.


Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”


Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál.


Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.


Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb; deifríonn sí ar luas a anachaine.


Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.


Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.


Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.


De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót,


Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”


Ansin chuir clann Iosrael uathu na Bálaím agus na hAisteárót agus d'fhónadar don Tiarna amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí