Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 22:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 “Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Eirghidhe, fiafruighidh don TIGHEARNA air mo shonsa, agus ar son an phobail, agus ar son Iúdah uile, a ttaobh bhríathar an leabhairso do fríth: óir is mór fearg an TIGHEARNA atá ar na hadhadh ar naghaidh, do bhrígh nar umhluigheadar ar naithre do bhríathruibh an leabhairso, do dhéanamh a nuile neithe dá bhfuil scríobhtha dar ttaóibh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 22:13
37 Tagairtí Cros  

Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.


Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” D'fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.”


Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.


“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.”


Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.


Pheacaíomar ar nós ar sinsir; rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.


Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.


A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.


Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d'éadan; nuair a bhíonn racht róbhuile ort?


Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,


Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.


Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.


Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n‑aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa.


B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.


Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.


Mura n‑éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh,


Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.


Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.


Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.


Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.


Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca


‘Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’


óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí