Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 21:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: ‘Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ar a nadhbharsin is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Féuch, atáim ag tabhairt a leithéid sin dulc ar Ierusalem agus ar Iúdah, gidh bé ar bith chluinfios é, go mbíaidh fuáim iona dhá chluáis.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 21:12
12 Tagairtí Cros  

Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;


Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí.


Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.


Abair: ‘Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d'anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tubaiste ar mhullach tubaiste! Féach é ag teacht!


Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.


Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: “Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí