Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt Éilias leis: “Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.” Ach d'fhreagair sé: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar ar aghaidh go Ireachó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhairt Elias ris, A Elísa, fan annso, íaruim mar athchuinge órt; oír do chuir an TIGHEARNA misi go Iericho. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, agus mar mhairios hanumsa, ní dheileochuidh mé riot. Marsin do chuádar gó Iericho.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 2:4
10 Tagairtí Cros  

Is lena linn a d'atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún.


agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil.


Ansin dúirt máthair an linbh: “Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.” Agus d'éirigh sé dá bhrí sin agus lean í.


Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd.


Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.


Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.


Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach.


Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad: Go raibh mallacht ar an té a éireoidh agus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís; ar a chéadghin a luífidh a bonn, agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí.


Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.


Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí