Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 2:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 “Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,” ar siad leis; “lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b'fhéidir gurb amhlaidh a d'ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.” Ach dúirt sé: “Ná cuirigí aon duine uaibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Agus a dubhradar ris, Féuch anois, atáid ag do sherbhísigh cáogad fear láidir; guidhmid thú, imthighdis, agus íarraidis do mhaighistir: ar eagla gur thóg Spíorad an TIGHEARNA súas é, agus gur théilg sé air shlíabh éigin é, no a ngleann eigin. Agus a dubhairt seision, Ní chuirfídhe uaibh íad.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 2:16
8 Tagairtí Cros  

A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.


Bhí caoga duine de bhráithreachas na bhfáithe á leanúint, agus stad siad tamall maith uathu nuair a sheas an bheirt acu cois na Iordáine.


Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d'imigh sí ar shiúl uaim ansin,


Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.


I bhfís ó Dhia thug sé leis mé go tír Iosrael agus leag síos mé ar shliabh an-ard a raibh mar a bheadh cathair ó dheas uaidh.


Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d'ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada.


Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d'ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí