Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Oír cuimhdeochaidh misi an chathairsi, dhá dídean, ar mo shon féin, agus ar son mo shearbhfhoghantuigh Dáibhi.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:34
21 Tagairtí Cros  

Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim.


Tabharfaidh mé cúig bliana déag d'fhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.’ ”


Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].


Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain, is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim, á cumhdach agus á baint as braighdeanas, ag ligean léi agus á scaoileadh saor.


Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.”


Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.


Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é, óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú? Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.


Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde, ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.


Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael.


ansin d'fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa.


más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”


“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.


(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”


Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí, mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n‑imeoidh; ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta, mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.


Is éarlais an Spiorad ar ár n‑oidhreacht nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi; chun moladh a ghlóire.


trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.


mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad, le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach, le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart! Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí