Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Nach ccúala tusa fada ó shin cionnus do rinne mé é? agus gur chum mé é ó na seanaimsearuibh? anois thug mé a gcrích é, chor go mbeitheása chum déanamh fásuigh do chaithreachaibh daingne na ccárnuibh fásamhla.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:25
11 Tagairtí Cros  

Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois.


Nuair a d'éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah


An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.


cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.


A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú!


Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.


Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí