Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 19:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Cáit a bhfuil rígh Hamat, agus rígh Arpad, agus rígh caithreach Sepharbhaim, Hena, agus Ibhah?

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 19:13
11 Tagairtí Cros  

Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.


A ndearna aon dia d'aon chine a thír a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre?


Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim?


Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é.


Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.


I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.


Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainn agus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n‑eagna.


Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.


ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí