Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 18:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Agus tárla annsa cheathramhadh blíadhuin do rígh Heseciah, (noch ar bhé an seachdmhadh blíadhuin do Hoseá mac Elah rígh Israel), go ttáinic Salmaneser rígh na Hassiria aníos a naghaidh Shamária, agus gur chuir slúagh na shúighe uirre.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 18:9
6 Tagairtí Cros  

Sa tríú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Hiziciá mac Áchaz rí Iúdá i gcoróin.


géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort.


Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.


éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.


Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí